Sunday, June 01, 2008

Bás Sheáin Uí Thiarnaigh

Fuair mé sheanchara Seán Ó Tiarnaigh bás le linn na seachtaine. B'as Maigh Eo ó dhúchas é Seán ach chaith sé cuid mhaith dá shaol sna Stáit Aontaithe. Chaith sé blianta fada ag obair i mbainc éagsúla i Nua-Eabhrac agus, i ndiaidh dó dul ar scor, luigh sé isteach ar mhúineadh na Gaeilge.

Chuir mé féin aithne ar Sheán ar chúrsaí Gaeilge de chuid na heagraíochta Daltaí na Gaeilge (http://www.daltai.com/) in Esopus i dtuaisceart stát Nua-Eabhrac agus d'éirigh cairdiúil leis. Chaith mé am pléisiúrtha leis féin agus lena dhlúthchara Bob Burke i mBaile Átha Cliath i samhradh na bliana 2005 agus arís le linn Oireachtas na Gaeilge i nDoire i mí na Samhna 2006.

Rinne Seán a chion féin ar son na Gaeilge i Meiriceá. Mhúin sé ranganna i mBrookdale, New Jersey ar feadh tríocha seachtain gach bliain, ar na deirí seachtaine go léir, beagnach, a d'eagraigh Daltaí na Gaeilge, agus ar chúrsaí eile in Pennsylvania, Montreal, Kingston, Ontario agus Ottawa.

Tá agallamh a rinne mé féin le Seán don iris Beo! le fáil anseo.